http://bit.do/cYsX2 DjSoft secret sale page
D'eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ócáid neamhfhoirmiúil i gcomhair le hÚdarás Craolacháin na hÉireann dar teideal 'Ar bharr an sceidil: Craoltóireacht sa ré dhigiteach' ar 30 Eanáir 2013 inár pléadh na dúshláin agus na deiseanna is mó atá ann don chraoltóireacht raidió trí Ghaeilge tráth a bhfuil borradh mór faoin gcraoltóireacht ar líne agus faoi aipeannna raidió. Reáchtáladh ceardlann eolais le painéal d'aoichainteoirí a bhfuil taithí craoltóireachta na mblianta acu; ina measc beidh an ceoltóir agus clár-reachtaire Raidió na Life Cian Mac Cárthaigh; an craoltóir óg ó Chonamara Máire Mairéad Ní Loideáin ó Northern Sound FM; PPI Craoltóir ceoil 2011 Barbara Nic Dhonnacha ó iRadio; an láithreoir agus léiritheoir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cearbhall Ó Síocháin agus Niall (Traic) Ó Braonáin ón chairtstáisiún idirlín Raidió Rí-Rá. Chomh maith leis sin, seoladh sceideal náisiúnta na gclár Gaeilge. Áis nua is ea an sceideal a bheidh ina chabhair don té atá ag iarraidh teacht ar eolas maidir leis na cláir Ghaeilge go léir a bhíonn ar an aer gach lá. Tá fáil ar an sceideal ag www.cogar.ie/sceideal2013.
Niciun comentariu:
Trimiteți un comentariu